Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ó's sé úghdar do gach dán,
Go ndubhairt an dall a bhí sa chúinne
Gur thuit crúdh ó'n láir bháin."
D'imthig Piaras leis abhaile agus d'innis sé do na athair cad adubhairt an dall leis. Thuig a athair go maith an dán agus dubhairt sé le Piaras gan an bhean san a phósadh, mar go raibh locht éigin uirthi.
Annsan thug an bhean cuire chun fleidhthe do Phiaras agus chuaidh sé ann. Nuair a bhí an biadh caithte aige d'imthig an bhean anáirde ar an lochta. Dubhairt an dall le Piaras teicheadh mar go raibh an bhean chun é a lamhach.
Do léim Piaras Firtéar amach tríd an bhfuinneoig chómh tapaidh is a chualaidh sé é sin. Phreab sé ar a chapall agus níorbh fada imthighthe é nó go raibh an tóir in a dhiaidh.
Do bhí capall maith aige agus thug sé na cosa uatha. Seo dán a dhein sé ag moladh an chapaill.
An t-each dubh, ní mheasaim gur púca ar shliabh
Mar is úmhal do thairringeóchaidh sí súd an tsrian,
Thug sí an eaga ó Dún Daingin go Daingean Uí Chúise siar.
D'imthig Piaras síos go lár na hÉireann. Bhuail bean leis agus do thuit sé i ngrádh léi. Do bhí Piaras chun í a phósadh mara mbeadh gur Sasanach í.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Gobnait Ní Ghuithín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 50
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí