Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 167
- XML “Reacaireacht”
- XML “Áiteanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is feárr pota fé'n bhfarraige ná cisde dóighte — mar adubhairt an t-iascaire nuair a tháinig a chriú chuige ar oileán aonrach agus a chisde leath bhacálta aige. Theastuig uatha go raghadh sé ag tarrac 'na dteannta gan mhoill.
- An Bloscaod Mór — Tháinig an ainm ó'n bhfocal "Blosc" a chialluigheann rud a thabharfhadh foithin duit nó a choimeádfhadh an ghaoth uait. Toisc scata oileán bheag a bheith scaipighthe sa bhfarraighe ag deanamh fothanna d'á chéile a thugadh an ainm sin ortha.
Dúnchaoin:— Indhiaidh taoisig de mhuinntir Chuinn go raibh fearthainn aige sa pharroiste sin.
Corcha Dhuibhne: Bannríoghain do Chlanna Míleadh d'ár b'ainm di Duibhinn a tháinig i dtír taobh thiar do'n Dún Mhór agus a chuir chúithe sa ceanntar í féin is a complacht.
An Buailtín — ó'n bhfocal "buaille" nó áit crúidhte na mbó. San áit go bhfuil an tsráid bheag anois is annsan a bhailightí na ba fadó chun iad a chrúdhadh.
Coimineól: Com-an-Iarla an chéad ainm ó Iarla Chorcaige a bhí mar thighearna talmhan ins an áit.