Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 180
- XML “Cailleacha an Dúna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arsa bhean an tighe. Leanadar do'n obair ag sníomhadh is ag cárdáil go dtí a h aondéag a chlog. Dubhairt an bhean leó fanúint ag sníomhadh nó go dtiocfadh sí féin ó'n dtobar le h uisce. Siúd léi fé dhéin an tobair agus nuair a bhí an bocaod líonta aici chuala sí an guth ag rádh go raibh na cailleacha ar tighe í a mharbhú. Dubhairt an guth léi rith go dtí'n doras agus a rádh leó go raibh Sliabh an Dúna trí theine, agus nuair a imtheochaidís an t adhan agus an ciotal agus gach rud a bhí istig sa tig a iompó síos suas agus gan aon nidh a leigint uirthi.
D'imthig an bhean abhaile agus scread sí trí h uaire in árd a cinn is a gutha go raibh Sliabh an Dúna ar dearg lasadh. Siúd na cailleacha amach agus iad ag crith le scannradh. D'imthig an bhean isteach agus dhún sí an doras. Dhein sí gach rud d'á ndubhairt an guth léi. Bhuail sé a bheal fé gach árus d'á raibh sa tig. Annsan chuaidh sí a chodhladh. I gceann tamaill tháinig na cailleacha agus dubhradar léi an dorus a dh'oscailt. Bhíodar ag iarraidh ar gach árus a bhí sa tig an dorus d'oscailt dóibh. Dubhairt na háraistí go raibh a mbéal fútha agus ná feadfaidís oscailt dóibh. Thugadar fé dhíon an tighe a bhriseadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 65
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí