Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 191
- XML “Bean an Leasa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus chuaidh mac na baintríghe ag feachaint ortha. Buachaill breágh faghartha ab' eadh é, agus b'siúd leis ag tógaint gach cómhgair treasna na gcladhthach agus tré sna páirceanna. Ghaibh sé tríd an lios ar an dturas do, agus níor mhór an nath a chuir sé innte mar bhí sé misneamhail neamh-eaglach.
T'réis teacht abhaile ó's na ráiseanna do'n mbuachaill bhuail pian trom 'na chois é agus ní raibh lúth ná tapa in aon phioc d'á corp d'á dheascaibh. Bhí breoidhteacht trom air. D'imthig an mhathair go dtí sna dochtúirí agus thug sí chuige gach duine acu d'á raibh san áit. Chuaidh sí go dtí gach bean leighis agus níor fhág sí luibh ná leigheas gan triail leis an mbuachaill agus mar sin féin níorbh aon mhaitheas é, mar ní leighisfeadh faic é. Ní fheadair sí cad ba cheart di a dheanamh. Bhí sí ag cur 's ag cúiteamh ina haigne féin agus gan réidhteach le fághail aici. Siúd chúiche an cailín aimsire lá agus ars í "Ó nach cuimhin leat bean an leasa gur thugais an stán mine di? Ná fuileann tú i gcruadhchás anois a mháighistreas ach ní fheadarais ná go ndeanfhadh sí rud éicin duit."
Preab croidhe na mná le háthas mar bhí dearmad deanta aici ar bhean an leasa agus ar a geallúint.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Céarna
- Inscne
- Fireann