Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 201
- XML “An tSlat Draíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)síos corcán mór uisce chun gach rud a glanadh agus a sciomradh sa tig. Thóg an mháthair an corcán agus bhí ag cromadh ó's a chionn chun a clúdach a bhaint do nuair a phreab an bheirt taobh thiar di, agus chaitheadar síos 'on chorcán í agus bhuaileadar an clúdach anuas uirthi. Bhíodh an iomarca smacht ag an máthair ortha a's b'sin é an gubh a bhí ortha chúiche.
Maidean Dé Domhnaig bhí an-ghíotam acu ag ollmhú chun Aifrinn. An inghean óg a bhí le beith istig mar ba ghnáthach. Cad iad na hórduighthe a bhí faighte aici i dtaobh deanamh aráin agus gnó an tighe!
D'imthig an bheirt agus cad é'n lán a bhí fútha. Thosnuig an cailín beag ar ghol le huaigneas nuair a bhrath sí an tig fúithe féin. Ní raibh aon choinne aici le faic nuair a bhuail bean chúiche aníos an tinnteán. Bhí slat dhraoidheachta na láimh aici agus thug sí 'na dorn do'n inghin í. Dubhairt sí léi imtheacht amach go dtí an ngollán mór a bhí sa bhuaille agus í a bhualadh leis an slat dhraoidheachta, agus go ndeanfhadh sí féin gnó an tighe dí go dtí go dtiocfhadh sí ón Aifreann.
Dhein sí amhlaidh. Tháinig culaith nuatála eadaig agus capall áluinn chúiche. Ghléasáil sí suas í féin agus phreab sí ar an gcapall.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Cheárna
- Inscne
- Baineann