Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 210](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0418%2FCBES_0418_210.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 210
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)III
Is bean dúbhach ar an bhfán tu do rángaig im linn
Suidh annso láimh liom is tabhairt do shlán leis gach buidhean
An tú Maighdean na mánla na dtáithíní buidhe
Nú ar stuairín mhilis mánla sciob Paris ó'n Rí.
IV
Ní h aoinneach do'n méid sin mise féin dár dúbhraís
Ach cailín ciúin Gaedhealach ó'n dtaobh eile thír,
Níor shíneas mo thaobh dheas le haon fhear sa ríoghacht
Ach tóg dom do ghéaga táim deannach ó'm buidheann.
V
Is nuair a thógas mo ghéaga d'á caol/maol camáin síos
Ba ghile ar a taobh í ná an sneachtadh ar an gcraoibh
Ní h iad sluaighte Chnuic Bhreannain do rángaig id líon
Is uaimse do léim sí go dtí réidh Chnoc Mhná Duibhe.
VI
Is ba gile í ná'n sneachta is ná'n t-airgead bán
Ba ghile í ná an fhaoilean ar an linn loch ar snámh;
Ba bhreágh deas iad a cuacha na ndualaibh léi síos
Ar gach taobh d'á guailne ag luasgadh le gaoith.