Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Lá amháin ghlaoidh an leas-mháthair chúiche an inghean ab' óige aici agus dúbhairt sí léi cearc a mharbhú agus an fhuil a chur i gcupán chúiche. Luig sí féin sa leabaidh; thug an cailín an fhuil chúiche. Dhoirt sí an fhuil 'na timcheall, d'ól sí bolgam di agus leig sí uirthi a bhí an-olc le breóidhteacht. Tháinig a fhear isteach chúiche agus chonnaic sé an droch chrut a bhí uirthi. Chaith sí amach bolgam de'n bhfuil ó's a chómhair amach agus dubhairt sí go raibh an-dhroch ghalar uirthi.
"Níl aon leigheas le deanamh domsa go bhfaighead scamhóga an tairbh le n itheadh," ar seisean le na fear.
D'imthig an fear agus ghlaoidh ar na cómharsain chun cabhruighthe leis i marbhú an tairbh. Thugadar 'on bhuaille leó é. Bhí gach aon léim aige agus gach aon bhúir agus ní raibh ceart ná smacht acu air. Bhí ana río-rádh sa bhuaille acu. Phioc an bheach an bhean breóidhte go gcas sí brat 'na timcheall agus siúd amach 'on doras í ag feachaint ar an obair. Nuair a chonnaic an tarbh í siúd isteach go dtí an ndoras é agus thug sé chúiche le na adharca agus mhairbh í idir dá línn an dorais. Bhí gach aon bhéic ag a triúr inghean agus iad ag bualad bas agus ag réabadh a gcuid gruaige.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Cheárna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí