Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Chuaidh beirt mhac Shéamuis an Daill ag baint chraoibhe maidean bhreágh aoibhinn cheóidh. An méid a bhaineadar d'fágadar na ndiaidh is an méid nár bhaineadar tugadar leó.
Freagra:— Dhá phréachán a bhí ag stathadh a gcuid cleití.2.Thuit úbhall le faill, connaic beirt é, d'ith dháréag é, shlog aoinne amháin é.
Freagra:— Duine ag itheadh ubhall.
[an dá shúil = an bheirt a connaic é; an fhaill = an scórnach; an daréag = fiacla.]3. Tá tig annso thiar is geibheann na céadhta slighe ann, is ní bhfaighinnse ná mo chuid éadaig slighe ann.
Freagra:— S. Nead siongán.4.
Cad é an fás bliana is sia le fághail?
Freagra:— Olann caorach, mar nuair a sníghtear na snáth í, ní bhíonn teóra le na faid.5. Cím chúgham tríd an sáile peidhliceán na gréine fear an chóta deirg is snáithín dearg na léine.
Freagra:— Gliomach.(leanann ar an chéad leathanach eile)