Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 262](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0418%2FCBES_0418_262.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 262
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 262
- XML “Seán agus an Bás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)arsa an Bás le Seán, agus le na linn sin do rug sé ar scórnaig air.
"Ó ná tacht me go dtí go mbeidh mo phaidreacha ráidhte agam," arsa Seán. Do bhog an Bás a ghreim agus d'imthig an bheirt abhaile. Ní dubhairt Seán a phaidreacha.
"Ní h-aon mhaith dhuit gan do phaidreacha a rádh," ars an Bás leis. "D'á raghfá-sa isteach i mbuidéal do raghainnse isteach id' dhiaidh."
"Ní fhéadfhadh duine chómh mór leatsa dul isteach i mbuidéal," arsa Seán.
Leis sin do dhein an Bás luch beag do féin, agus siúd isteach sa bhuidéal é. Níor dhein Seán ach an corc a bhualadh air, agus an buidéal a chaitheamh i bhfairrge. D'fhan an buidéal seacht mbliadhna sa bhfarraige ach sa deire fuair fear é agus tairring sé an corc as. Ar feadh na seacht mbliana go raibh an Bás sa bhuidéal níor cailleadh aon cuine. Sé an chéad rud a dhein an Bás ná rith chun tighe Seáin agus é do thachtadh.
Dá bhfhanfhadh an Bás sa bhuidéal ó shoin ní bhfaigheadh aoinne bás.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Guithín
- Inscne
- Fireann