Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí beirt dearbhráthar in a gcómhnuí i mbaile beag in aonfhacht le na máthair uair. Bhíodar beó bocht agus bhí lá an chíosa ag glaodhach ortha. Dubhairt a mháthair le Dómhnall dul go dtí Gaillimh ag díol ualach coirce. D'imthig sé leis agus ceannuigheadh an t- ualach uaidh. Nuair a bhí san déanta aige do scuir sé an capall taobh amuigh do thig agus thug sé coirce agus deoch dó. Chuaidh sé isteach, agus bhí beirt istig ag imirt chártaí. D'iarradar ar Dhómhnall dul ag imirt leó agus do chuaidh. Buadhadh gach pinginn uaidh. Chuaidh sé abhaile ansan, agus níor mhór an mhaitheas d'á mhuinntir saothar a laé.
Cuireadh le hualach eile é an dara lá. Thárla an rud ceadhna, ach buadhadh an capall, an chairt, agus an coirce uaidh an turas so. Dubhairt sé leis féin go mb'feárr do gan a aghaidh a thabhairt ar an mbaile in aonchor annsan, agus níor dhein sé ach an bóthar bán a thabhairt air féin.(leanann ar an chéad leathanach eile)