Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fear isteach agus iad ag iomchur cómharann. Thógadar fear amach aisti agus chuireadar le hais na teine é. D'imthig an cheathrar. I rith na hoidhche chuaidh Dómhnall agus an saighdiúir agus an marbhán a chodhladh. B'é an saighdiúir a bhí istig ar fad agus bhí fuinneóg bheag in aice leis. I lár na h-oidhche thosuig an fear marbh taobh amuigh ar bhrúghadh isteach go dian.
"Má's maith leat a bheith sa leabhaidh, fan socair innti," arsa Dómhnall.
Ach lean a fear amuigh ag brúghadh agus ag brúghadh go dtí gur chuir sé Domhnall amach tríd an bhfuinneóig. Ach níor bhog Dómhnall.
Do labhair an marbhán le Dómhnall is dubhairt, "Is mó duine a chómhnuig sa tig seo ach níor tháinig do mháighistir-se fós ann. Tá trí prócaí óir annso fé leic na teine. Tabhair leat iad ar maidin. Bíodh ceann agat féin. Roinn an chuid eile ar na boicht agus tabhair ceann do'n bhfear gur leis an tig seo."
"Ó, ní creidfí me," arsa Dómhnall.
Thairring an fear eile páipéar agus peann(leanann ar an chéad leathanach eile)