Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Túrnaé agus an Capall.
Bhí fear bocht ann uair agus bhí an saoghal ag dul chun mí-áidh agus chun clampair do. Sa deire ghoid sé capall ó dhuine saidhbhir a bhí san áit. Chuir an fear saidhbhir na saighdiúirí ar a thóir, agus beireadh air, agus caitheadh isteach i bpríosún é. Daoradh chun a chrochta é.
Bhí túrnaé ag dul gach lá chun an phríosúin. Cheistig an turnaé an fear so aon lá amháin agus d'fiafhruig sé do cad a dhein sé as an slighe. D'eachtraig an fear bocht a scéal brónach saoghalta dó, agus d'innis sé do gur ghoid sé capall ó fhear saidhbhir, mar ná raibh faic aige féin. "O is truagh san" ars an túrnaé. "Ach feach an chéad uair eile a bheidh cúirt ort abair ó's cómhair na cúirte gur mise an fear gur cheannuighis an capall uaidh, agus tiocfhad-sa leat san méid sin."
"Ach cá bhfuil an capall anois ?" ars an túrnaé. "Tá sí i ngort leis an duine uasal" an freagra(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlís Bean Uí Cheárna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60