Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tháinig lá na cúirte agus bhí an fear bocht ag breith chuige féin. Ach nuair a chonnaic sé an Turnaé do thainig misneach do, mar bhí gach rud socair eadortha. Nuair a glaodhadh air dubhairt sé --"Is ait an scéal a bheith im' chrochadh mar gheall ar capall a cheannuigheas ó'n bhfear san thall" ars é, ag síneadh a mhéire go dtí an Turnaé.
Ceistigheadh an Turnaé agus dubhairt sé gur cheannuig duine éigin capall uaidh, ach ná raibh sé ró chinnte ar fad do cérbh é. "Ach is cuma " ar sé , "aithneóchad-sa go maith an capall a ceannuigheadh uaim mar bhí m'ainm agus mo shloinne ar a chrú clé tosaig.
Feachadh ar an gcapall agus connacthas ainm an Turnaé ar an gcrú. Fógruigheadh go raibh an fear bocht saor, agus go ndaorfaí an fear saidhbhir d'á mba mhaith leis é.Ach thug an fear saidhbhir hocht mhíle púnt do'n bhfear bocht ach gan a chrochadh a cheadú. Mhair an fear bocht go sásta as san amach.- Faisnéiseoir
- Eibhlís Bean Uí Cheárna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60