Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 281
- XML “An Lóchar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear gur file dárb 'ainm do Dómhnall Mac Dómhnaill, a mhair i bParróisde an Fhirtearaig, a chum é seo leanas idtaobh báid a goideadh uaidh.
—Fuaireas na focail ó Pádraig 'ac tSithig, Baile-na-habha, Dúnchaoin.I
Bliadhain a dathad is dóigh liom seadh d'imthig mo lóchar uaim,
Fé shlata is fé anairt a dóithin is í déanta do'n bhfuinnseóig chruaidh,
Ní raibh bád ó Chaiseal go Bófort, ná as san go dtí an t-Oileán Mór,
Do thiocfhadh timcheall chómh breágh léi, is í ag tógaint an fheóthain suas.
II
An té a chídhfheadh gabhtha mo bhádsa fé anairt i ngála trom,
Uisce ar a gonaill anáirde is an chuid eile chómh nárd le Teamhar,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig 'ac t Sithig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na hAbha, Co. Chiarraí