Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 283
- XML “An Lóchar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nó an gcualabhair gur deineadh aon árthach a thug bliadhain agus lá ar an bPoll,
Nóa ab' ainm d'á máighistir fuair gradam ó Árd Rí an domhain,
Is gur dhóigh liom go mairfheadh mo bhádsa bliadhain agus lá na deabhaidh.
VI
Ag deanamh ar eadtrath bó dom seadh leigeas mo lóchar uaim,
Bhí cheithre maide uirthi, tairringthe geárrtha is iad deanta do'n bhfuinnseóig chruaidh,
Níor bhfada a bhí caithte do'n oidhche nuair a bhí sí siúd síos go cruaidh,
Le scudáin bhreágh ghlasa is le líonta is le fearaibh bhreágh groidhe gan ghruaim.
VII
Nár mhór an obair do'n bhfeóthan a bhog í a's a thóg í suas,
Do chaith seacht slata nó dhó í, a's do chaith ar a srón í i gcuas.
Cuaidh speara cois cille sa lochar is níor dhein san innte ach poll(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig 'ac t Sithig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na hAbha, Co. Chiarraí