Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is a Dhia dhil nár b'aoibhinn dom is grádh mo chroidhe bheith ann.
III
An gcuimhnigheann tú ar an oidhche úd fé bhun an chrainn féir (? "do chrainn féin", b'féidir)
An gcuimhnigheann tú ar na cainnteanna a bhíodh eadrainn araon,
Tusa ag tabhairt na mionnaí, ach an peaca bíodh ort féin,
Bíodh do ragha do mhnáibh an domhain agat, ach beadsa ag luighe liom féin.
IV
Dá mbeadh lán na páirce báin agam do bhuaibh is do laoighibh,
Tuille 'gus láin báid agam do ghinithibh bhreághtha bhuidhe,
Is duitse féin a bhearfainn iad, a rúin is a laogh mo chroidhe,
D'fonn ár mbéile a bheith le chéile againn le linn an drúcht 'na luighe.
V
Dá mbeadh heels 'gus tops fem' bróga is cóir orm chun siubhail,
Do raghainn gach maidean Domhnaig ins an áit go mbíonn mo rún;
Annsúd ná tógfaí notice duit an óige a chur led' chom,(leanann ar an chéad leathanach eile)