Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Beannacht ó Rí na h-Aoine chun an oileáinín go bhfuilim ann,
Mar b'feárr liom lá gus oidhche ann, ná bliadhain ar an mbaile úd thall,
Mar is ann do bhíodh an ríl againn, ceól píopa is leann ar chlár,
A's slán chun an choirn bhuidhe úd do bhíodh d'á líonadh do'n bhrannda ab' feárr.
II
Is eireóchadh-sa amáireach gan spleádhchas le congnamh Dé,
Is ní fhanfhad ins an áit seo go bráth ar feadh mo shaoghail,
Mar is é mo chúmha ná trághfhaidh do chráidhidh is do mharbhuig me,
Is go deimhin is olc ar bás atá indán dom má scaraim léi.
III
Ar choinnleach ghlas an fhóghmhair bhuidhe i stóirín seadh dhearcas tú,
Ba dheas do chos i mbróigín is ba ró-dheas do leagan súl,
Do ghruaig ar dhath an óir buidhe na cóirní go fighte dlúth,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Guithín
- Inscne
- Fireann