Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tógaidh uaim na húpaí seo, tá mo ghlúine acu geárrtha,
Is fachtar domsa gúinín do dhúthchas mo mháthar,
Fallaing fairsing lúbach, is púmpa socair sásta,
Na ba lem' ais ag búithrig is na gamhna geala bána.
—AillilliúIs toice beag gan chéill tú, is ní féidir liom tú a mhúineadh,
Is fada fairsing Éire, is an réime atá fúinne;
Tabharfhad fíon ó'n nGréig chúghat, is féiríní i dtrúncaibh,
Glac a's beannacht Dé 'gat, is ná héilim do dhúthaig.
Cuirfheadsa síodaí síos agus suas ort,
Ribíní dearga ag ceangailt do chuid gruaige,
Ór buidhe ar do chóisdí is neart a bheith 'á luascadh;
Is cead a bheith i gcuideachtain le strapaire duine uasail.
—AilliliúIs mór mhór go mb' fhearra dhom macha maith bó agam,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlis Bean Uí Ceárna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60