Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 318

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 318

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 318
  3. XML “Muirisín Bán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    5.
    Do thugas an chéad ghrádh duit is mé beag bídeach,
    An tarna grádh is mé mór críonna,
    An tríomhadh grádh duit in áit ná scaoilfidh
    I seóimrín dorcha atá i bhfochair mo chroidhe i stigh.
    6.
    A Mhuirisín Bán má's as lorg mná duit,
    Geo seólaidh Dia tú i gcóir a fhághailte,
    Tinnteán lom chúghat fé mhór chuid garlach,
    A n-athair dall is iad gan mháthair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eibhlís Bean Uí Ceárna
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60