Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 325
- XML “An Buaireamh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)'Sé adubhairt sí liom fág mé, ní hádhmhar duit mé,
Mar is bean óg ar an bhfán mé, a thárlaidh id' linn. V.
Ach más bean dhúbhach ar an bhfán tú a tharlaidh id' linn,
Suidh annso taobh liom, is tabhair slán fé gach buidhean,
An tú maighdean na mban fhola [?], nó na dtáithíní buidhe,
Nó an stóirín mhilis mhánla a sciob París ó'n Rí. VI.
Ní haoinne de'n méid sin mé féin d'á ndubhraís,
Ach cailín ciúin tréitheach ó'n dtaoibh eile thír,
Ní shíneas mo thaobh deas le h-aon fear sa ríoghacht (nó: fós riamh)
A's tóg dom do gheaghaibh táim deannach dom buidhean.VII.
Nuair a thógas mo ghéagaibh d'á ceol coimín síos
Ba ghile ar a tobh í ná an sneachtadh ar an gcraoibh,
Ba gile í ná'n fhaoilean ar an mín-loch ag snámh,
Bhí flannel is lín uirthi, is ní raibh sí 'gam ach lá.- Faisnéiseoir
- Mártan Ó Ceárna
- Inscne
- Fireann