Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 327

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 327

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 327
  3. XML “Ceo Draíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Beidh féasta 'gainn, rinnce 'gus ceol,
    Agus ceile má's méinn leat san oidhche,
    Is in éinead tú bheith críonna beir óg.
    A shéimhbhean bhréag mhaordha na mín-tais,
    Tabhair spás go ceann mí dhom nó dhó;
    Go raghadh seal ag feachaint mo mhuinntir,
    Agus go ndeanfhad gach nídh a chur 'na gcóir.
    Do réidheamair le chéile ar an slighe sin
    Ar aon toil ná scaoilfheadh go deó,
    Is go raibh scéim ann an laé ag teacht ón oidhche,
    Is na héiníní ag síor seinm cheoil.
    Thug sí feachaint ró déamhair ó chroidhe orm,
    Do mhéaduig san m'inntinn is mo mheón
    Is mar ghéilleadh do phléisiúr na hoidheche
    D'á béilín tanaidhe mín, thugas póg.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Uí Cheárna
    Inscne
    Baineann