Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Leathanach 414
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí baintreach ann fadó agus bhí aon inghean amháin aici.”
(ar lean ón leathanach roimhe)a chonnaic an bhean go raibh beirtha uirthi níor dhein sí ach í féin a mharbhú leis an rásúr.
Bhí an t-athair ana cheanamhail ar an gcailín agus d’fhan sí na theannta chun obair an tíghe a dhéanamh ach dimthig an garsún chun slíghe bheatha a bhainnt amach do féin. Nuair a bhí sé ag gabháil trí coill tháinigh sean duine chuige ag lorg blúire aráin agus thug an buachaill do é go fonnmhar. Ansan dúbhairt an sean duine leis go dtabharfadh sé féin dho aon trí ghuidhe gur mhaith leis a d’fághail. Ansan dúbhairt an buachaill leis gur mhaith leis bualadh leis an gcailín aríst, (2) Slíghe bheatha mhaith a bheith aige i gcómhair a chéile, (3) agus cómhnuidhe i bpálús ana mhór.
Dimthig an buachaill leis ansan agus chuaidh sé go dtí America. Taréis dhá bhliadhain deug a chaitheamh ann tháinig sé abhaile arís agus díreach agus é ag gábháilt tré choill cé cíthfeadh sé ach an cailín go raibh sé i ngrádh léi timcheall cúig bliadhna deug roimhe sin. Taréis tamall d’aithin an cailín é agus phós an beirt acu agus bhí an fear mar mhaor ar an gcathair.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Mac an t- Saoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 64
- Seoladh
- An Baile Beag, Co. Chiarraí