Scoil: Ceanntrágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 421

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 421

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 421
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí bean in iarthar Ciarraidhe fadó agus ní raibh de chlann aici ach beirt cailín.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    an máthair críonna i mbaoghal báis agus dhfág sí an tig do’s na cailíní. Nuair a bhí sí ag fághail bháis ghlaoidh sí ortha agus thóg sí dhá coinneal amach as an drocht agus thug ceann do’n duine acu. Dúbhairt sí leó go bhfuair sí iad san ón a máthair críonna féin agus go bhfuair sí sin ón a máthair críonna féin leis iad ach nár bhain éinne acu aon úsáid riamh asta agus go mbeidís san níos feárr leis mara mbainaidís aon usáid asta dá bhféadfaidís é, ach iad a choimeád fé’n drocht. Ansan cailleadh í agus bhí coinneal an duine ag an mbeirt.
    Anois ní raibh faic ag cur teinnis ar an mbeirt ach dá bhféadfaidís teacht tímcheall ar mac an tíghearna talmhan agus é phósadh. Chuimhnigh an cailín dathamhail ar a coinneal ach ní raibh fhios aici cá lasfadh sí é nó an dhéanfadh sé an ghnó é lasadh ar nós aon choinneal. Ansan chonnaic sí scríbthe air, é lasadh ar chrann dairighe a bhí sa choill i ngiorracht céad slait di.
    Chuaidh sí ann agus sa deire fuair sí amach an chrann dairíghe agus las sí an coinneal. Chómh luath agus a las
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac an t- Saoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    An Baile Beag, Co. Chiarraí