Scoil: Ceanntrágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 427

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 427

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 427
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí bean ann fadó agus bhí triúr ingean aici.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus go mbfhéidir go bhfagadh sé oireadh uirtha agus a dhíolfadh an cíos dóibh.
    Nuair a tháinig lá an aonaigh d'eirigh fear an tighe ana mhoch ar maidin agus nuair a bhí sé ullamh chuir sé téadán ar adharca na bó agus chomáin sé leis í. Nuair a bhí sé timceall leath mhíle ón margadh bhí air gabháil tré choill agus nuair a bhí sé istigh i lár na coille tháinig fear ana bheag chuige a bhí timcheall dhán throigh ar aoirde agus d'iarr sé do cad a bheadh uaidh ar an mbó bhréagh sin agus dúbhairt sé go mbeadh fiche púnt uaidh uirthe. D'iarr an fear bead do an dtógfadh sé an bosca tabac seo agus tháinig fearg ar an bhfear chuige nuair a chonnaic sé luach na bó ach dúbhairt an fear beag leis go mbeadh aithreachas air dá dtógfadh sé an tairgead i n-ionadh an bhosca.
    Do thóg an fear an bosa agus dúbhairt an fear beag leis gan é d'oscailt go ragadh sé abhaile mar go dtiochfadh ana iongnadh air. D'imigh sé abhaile agus nuair a bhí sé ag teacht i dtreo an tíghe aitreachas air an bosa a thógaint mar cheap sé gurb amhlaidh a dhein an fear beag amadán do agus go mbeadh fearg ar a bhean chuige mar cheapfadh sí gur le
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Chonchúbhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    43
    Seoladh
    Mám na Gaoithe, Co. Chiarraí