Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tháinig sé go dtí an droichead. Do bhí an sprid ann roimis "lean mise" ar sise. D'imthigheadar isteach fén droicheadh agus dúbhairt an sprid leis poll do déanamh síos sa talamh leis an rainn agus go bfhaighiadh sé próca óir thíos ann agus é do thabhairt abhaile leis. D'imthig se leis abhaile agus an prócha aige agus nuair do tháinig sé go dtí an dtig dúbhairt sé lé na mhnaoí teacht amac. Ní raghadh sí amach in aonchor mar cheap sí go raibh an sprid aige. Annsan go thug sé an prócha isteach agus di chuadar ag chóimhreamh an óir. Nuair do chualaidh na leanbhaí do bhí na gcodhladh an glór ag an ór do dhúisuigheadar. Do léim duine aca amach as an leabaidh agus d'fhéach sé suas an doras. "O", ar siseann "féach na cnaipí buídhe atá dá chóireamh aige Daid". Ón lá san amach ní rug aon dó bocht íad.
- Bailitheoir
- Seósaimh De Hóra
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomas Sheósaimh De Hóra
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann