School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus ní raibh ach aon mhac amháin aige. Bhí an saoghal ag breith ana chruaidh ortha. Ní raibh fhios aca cad i an chéard a b'fhearr a thoghfhaidís don mac. Bhí sé ag déanamh buartha lae agus oidhche dhóibh. Aon maidean amháin agus iad ag caitheamh bhreacfasta do bhuail taistealaidhe an doras isteach. Gabha beadh é. Taréis tamall cainnte d'iarr an gabha ar an athair an scaoilfeadh sé an mac na fochair ar feadh bliadhna go múinfidh sé céard dhó, go gcuirfeadh sé abhaile i gceann na bliadhna é, agus go dtabharfadh sé cúig púint mar gealamhaint dóibh".
Dubhairt an t-athair leis é bheith aige. D'imthigh an gabha agus an mac. Bhí h-ochtar eile de printísí ag an ngabha.
Bé mac an fhir seo an printíse a b'fhearr a bhí aige agus bhí sé ana cheanamhail air agus ba deacair leis scaramhaint leis i gceann na bliadhna. Acht mar sin féin scaoil sé leis. Nuair a bhí an mac seachtmhain aige baile. Tháinig an gabha ag triall air arís. Scaoil an t-athair leis ar an gcoingheall go gcuirfí abhaile i gceann bliadhna arís é. Bhí an gabha sásta agus thug ach deich bpúnt mar gealamhaint tdóibh. D'imthigheadar araon.(continues on next page)- Collector
- Muiris O Flaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Cathair Boilg, Co. Kerry
- Informant
- Pádraig O Flaithbheartaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Cathair Boilg, Co. Kerry