Scoil: Ceanntrágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 501

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 501

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 501
  3. XML “An Feirmeoir agus an Cailín Aimsire”
  4. XML “Scéal an Dá Tháilliúir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Cómhnuig beirt tháiliúir I gClothar fadó, agus bhíodar ag obair in aon tig amháin i dteannta chéile. D'fhanfhaidís suas ana dheidhneach ist'oidhche ag obair. Bhí buachaill aimsire agus cailín aimsire sa tig. Bhí cos tinn ag an gcailín agus fuair sí leithte lé cur léithe mar leigheas. Oidhche amháin d'fhan sí suas ag déanamh leitean, agus bhíodh sí á bhlaiseadh anois agus arís féach an mbeadh sé oireamhnach lé cur lé na cois. Dubhairt duine dos na táiliúirí go mbéadh sé ithte aice sar a mbéadh sé curtha lé na cois, ach dubhairt an cailín go mbéadh a dóthain aige féin na diaidh agus breis.
    Nuair a bhí sí ag dul a chodla, d'fhág sí pláta leithte cois na teine agus dubhairt sí leis an buachaill é chur idir an dá tháiliúir agus chuir ansan. Bhí sé á iomlasc féin sa leabaidh agus dh'úisigh an bheirt. Diarrfhaid sé do dhuine aca cé shailig an leabaidh dúbhairt sé nárbh é féin, agus dúbhairt an fear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.