Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dúbhairt an priochán dá mbheadh rud éigin trom ar a dhrom go bh'fheadfhadh sé léimeadh. Téir anáirde air mo dhrom arsan príochán agus léim anuas nuair a bheidh mé chómh h-árd leis an gclaidhe. Do chuaidh sé anáirde air agus nuair a bhí sé chómh h-árd leis an gclaidhe bí sé ag d'iarraid léimeadh anuas ach ní fheadfhadh sé é. Níor dhein an príochán stad ná staonadh go ndheachaidh sé isteach go dtí an domhan toir. Do chuaidh sé isteach i dtig go raibh seana choileac na cómhnúidhe ann. Sé an chéad Gnó a thug sí do ná púicín do ghlanadh amach agus cíor a bhí ann lé na sín seana mháthar d'fhághail nú mar a bh'fhaigheadh go mbheadh an ceann do. Nuair a chaithfeadh sé scaob amach do thaghadh fiche scaob isteach na choinne. Bhí sé traochta ó bheith á chaiteamh amach, agus níor dhéin sé aon rud ach suidhe síos ag gol. Lé na línn sin thánaig cailín isteach leis an ndinnéar chuige, agus nuair a connaic sí ag gol é thuit sí i nghrádh leis. Rug sí ar an sluasaid agus chait sí i féin amach an chuid eile agus fuair an cíor. Thug sí do í agus thug seisean don seana choileach í. An chead gnó eile a thug sí dho ná tobar fíor uisce a thaoscadh amach lé spúinneóig agus fáinne a bhí ann d'fhághail di. Do dhéin sé fé mar a dúbradh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire De Lonndra
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Faisnéiseoir
- Seán O Gríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Cathair Boilg, Co. Chiarraí