Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)

Suíomh:
Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Dll. Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 635

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 635

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
  2. XML Leathanach 635
  3. XML “Seanamhrán - An Luachair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanamhrán - An Luachair

    Bliadhan a dachad ba dhoich liom seadh dheineas mo luacair suas

    Bliadhain a dachad ba dhoich liom seadh dheineas mo luacair suas.
    Fé slat is fé anainthe a dóthain is é déanta dom bfuinnseoig cruaidh
    Ní raibh bád ó Caiseal go Bó Fort, ná as san go dtí an Oilean Mór.
    Do thiochfadh tímcheall fé sheól léi, ag tarrach a feotain suas.
    An té a chídhfeadh gabhtha mo bhádsa fé anairt i ngála trom
    Uisge go gunail anáirde, san taobh eile cómh hárd le túr.
    Mar measaim níor deinead aon árthach ó cuireadh an airc ar pholl
    Do thiochfadh tímcheall chómh breágh leí, is ná teipeadh go bráth i dtonn.
    Aige an mBeannaig do fé sheól í go fairsing an ród ó thuaidh
    A cille ar bhárr an uisge ar an mbórd san
    San cairrig do thóg sí suas, is gur bé dubhairt na fearaibh
    Gur dóigh leo gur tháinig sí an caladh i leath huair.
    Ag deanamh ar eadar sruth bó siar seadh leigheas mo luacair uaim.
    Bhí cheithre maidhe uirthi tairrighthe gleoidhthe is iad déanta don bhfuinnseoig cruaidh.
    Níor bfada bhí caithte don oidhche nuair a bhí sí síos go fuar
    Le scodáin breágh glasa is le líonta
    Is le fearaibh mhear groidhe gan gruaim
    Léan agus díogha ar na geáil úd do cuirtear go bráth ar pholl
    Mar tá fearaibh i gconntabhairt a bháidhte nuair a thagann an gála trom
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Amdrias Ó Fiannachta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí