Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Leathanach 782
- XML “Eoghan Rua agus an Sagart Paróiste”
- XML “Eoghan Rua agus an Sagart Paróiste”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Eóghan Ruadh ag imteacht roimis uair amháin agus casadh an sagart paróiste leis ar an mbóthair. Bheannuigheadar dá chéile agus labhair an sagart le Eoghan.
"Geobhair an chroc fós a chladhaire" ar seisean. Níor fhreagair Eóghan in ao'chor ach d'imthigh sé leis ag cur an bhóthair de. Tháinig sé go tig an t-sagairt agus chuaidh sé isteach agus d'iarr sé an chroc ar an seirbiseach, mar go ndúbhairt an sagart leis é fhághail. Fuair sé an chroc agus d'imthigh sé . Níorbh fhada gur bhuail an sagart leis agus do theasbáin sé an chroc don sagart agus dubhairt sé "Tá an chroc agam a athair" ar seisean. - Bhí Eóghan Ruadh i bparóiste éigint uair agus dubhairt an sagart paróiste ón altóir gan é a leigint isteach ina dtigthe in-aoncur mar nárbh ró mhaith an t-ainm a bhí ar Eóghan. Ní raibh aon áit ag Eóghan chun fanacht ann agus chuaidh sé go tig an t-sagairt agus dubhairt sé leis go gcaithfeadh an sagart féin é choimead i rith na seachtmhaine mar ní raibh aon áit eile aige. B'éigean do'n sagart é choimeád ar feadh seachtmhaine agus an Domhnach 'na dhiaidh sin labhair sé leis na daoine arís agus dubhairt sé nárbh aon díogbhail Eóghan a leigint isteach mar nárbh air féin a bhí an locht in aonchor ach ar na seanmná a bhíodh ag gabháilt dó agus ag cuir cathú air.