Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Leathanach 218
- XML “Capaill Dhubha Phiarais Feiritéar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Piaras Feiritéir in-a chómhnuidhe sa baile Uachtarach agus bhí feirm mhór talmhan agus timcheall le ficeadh bó aige. Chuaidh sé ag lorg buachaill aimsire agus thárla go bhfuair sé é. Is é cúram a chuir sé ar an mbuachaill ná aire thabhairt do na ba.Ceann de na laetheannta nuair a bhí sé ag tabhairt aire dóibh tháinig fear chuige ag lorg ceann de 'na ba air acht dubhairt an buachaill leis go gcaitfeadh sé cead a d'fhágháil ó-n -a mhaighistir ar dtúis."Tá go maith" arsa'n fear "bead-sa annso rómhat amáireach." Nuair a chuaidh an buachaill abhaile d'fhiafruigh sé do Phiaras an bhféadfadh sé ceann de na ba a thabhairt do-n-a leithéad sin d'fhear. "Is féidir leat" arsa Piaras "ceann de na ba is fearr a thabhairt do."An lá 'na dhiaidh san tháinig an fear go dtí an buachaill agus d'innis an buachaill do cad dubhairt an maighistir leis. Annsan thug an buachaill an bhó is fearr dho. Thug an fear a bheannacht do'n bhuachaill agus d'imthigh sé.An lá 'na dhiaidh san tháinig an fear airíst agus an bhó agus capall breágh aige. Dubhairt an fear leis an mbuachaill an capall sin a thabhairt dhá mhaighistir i dtaobh go raibh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máighréad Bean Uí Mhistéil
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 77
- Gairm bheatha
- Bean iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ceathrú an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí