Scoil: Barrow (uimhir rolla 11850)
- Suíomh:
- Bearrúin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó hUallacháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0438, Leathanach 186](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0438%2FCBES_0438_186.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0438, Leathanach 186
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Barrow
- XML Leathanach 186
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Ta cúpla líon tighe anseo ar an mbaile seo agus nuair a cailltear daoine in aon tig acu titeann rudaí aite amach”
(ar lean ón leathanach roimhe)sgaipidhthe agus má cailltear aoinne acu i mbaile nó í gcéin cídhtear an t-éinín sa tig roimh ré. Bean Uí Harmon d'innis an sgeal so dhom (i mBearla) agus an sgeal eile seo in' dhiaidh. Tá trácht ar an mnaoí seo cheana i leathanach 30.Tá línn tíghe eile ar an mbaile seo agus má cailltear aoinne ann, cídhtear solus lasmuich de'n dtig oidhche an tórraimh. Muinntir O Riordáin an ainm atá ar mhuinntir an tíghse seo. Bhí beirt ag teacht abhaile ó rínnce oidhche áirighthe agus bhí sé deanach san oidhche. Connaiceadar solus i bpáirc taobh leó. Do léim sé (solus) agus chonnaiceadar uatha faid cúpla páirce arís é. Do léim sé arís i gcionn leath nóimite agus thíos ar an dtráig a chonnaiceadar é an chead uair eile. An oidhche sin a cailleadh Seán O Riordán. Bhí aithne agam air. Thuit sé seo amach cúpla bliadhain ó shoin.Muinntir Fearghúsa (Ferris) dream eile atá 'na gcómhnuídhe annso. Tá cúpla línn tíghe aca ann, agus tá gaol eatortha. Mo dhearmad tá cheithre línn tíghe aca ann. Nuair a bhíonn duine lé cailleamhaint nó fé chlár i n-aon tig aca cloistear ologán (gol)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó hUallacháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Mrs Kate Harmon
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 88
- Seoladh
- Bearrúin, Co. Chiarraí