Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 199
- XML “Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- LeasaTá mórán aca tímcheall na háite seo, agus tá radharc ar gach ceann aca ar an tarna ceann agus mar sin dóibh tríd is tríd. Creideann cuid dos na daoinibh ag a mbíonn creideamhaint i bpiseogaibh nach cóir d'éin[n]e aon bhaint isteach do dhéanamh ortha ach baineann a lán daoine eile easair nú pé rud a bhíonn ag fás tímcheall ortha.
Bíonn a lán sgéalta mar fhiadhnaise gur rud mí-adhmharach dul i ngar dóibh nú aon nídh a bhaint uatha. Cuir i gcás: - Dubhairt fear liom gur ghearr sé cuaille i lios áirighthe chun bó do cheangailt agus maidean i mbárach bhí an t-ainmhidhe atuighthe go mór. Thóg sé an cuaille agus chaith sé san lios é agus ba ghearr go raibh an bhó slán airís.
Bhí beirt driothár ina gcómhnuidhe in aice leasa eile. Thógadar clocha as chun claidhe do dhéanamh agus i geann seachtmhaine bhí an bheirt fé chlár acht gur minic ó shoin thóg fear eile clocha as an áit chéadna agus tá sé ina bheathaidh fós.Ó Phádraig Ó Súilleabháin, Milíní, Bunán.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí