Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 192
- XML “Piseoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Piseoga22. Nach ceart do dhuine fanamhaint ag áirneáin cois teine oidhche fliuch nú oidhche Shatha[i]rn.23. Deirtear go bhfuil leigheas san t-ím (!) deintear Lá Bealtaine. 24. Nach cóir smearóid teineadh do thógaint amach as tigh agus uigionn ghá dhéanamh.25. Nach ceart siubhal i mbolg an bhóthair san oidhche.26. [Nach ceart] cloch do chaitheamh san oidhche ar eagla go mbeadh na "daoine maithe" ag gabháil an tslighe.27. Nach ceart uisge na gcos do chaitheamh amach san oidhche gan an t-árthach [a] bheith a bhéal fé.28. Nach ceart dul abhaile ón tórramh id aonar.29. Nach ceart comhngar do thógaint ag tabhairt cuirp chun na roilige.
"Gach timcheall chun an teampuill agus gach comhngar chun an aifrinn."30. Éadach dubh do chur ar na cruiceogaibh nuair fhaghann duine bás sa tigh ar eagla go bhfuigheadh na beacha an íde chéadna.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig O Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí