Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 290
- XML “Cúram na gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cúram na gcosSan bparóiste seo dachad blian ó shoin bhíodh na páisdí gan bróga go dtí go mbíodh siad naoi mbliana ar a luighead agus an chéad pheidhre a gheibhidís ní bhíodh de chead aca iad a chaitheamh acht amháin chun dul ar aifreann gach Domhnach. Ní chuiridís orrtha de ghnáth [iad] go dtí go mbíd[ís] sé bliana déag agus pé obair saoráideach a bhíodh le déanamh aca chaithidís na bróga uatha mar ualach trom dob eadh iad.
Bhí boinn na gcos ana-chruaidh ar fad agus ní raibh beann aca ar fuacht, lic oidhir nú sneachta leis. Nuair [a] bhíos im gharsún bhí meas mór againn ar chnaipí agus marbilí (=mirlíní), bhíodh cnaipí ar chórda ag gach buachaill agus agus dhéanfadh garsún gaisce mór míchiallda acht cnaipe a thabhairt dó mar dhíoluigheacht. Do chonnaic mé áit ina raibh aoileach agus bhí brat mór de aiteann ann. Bhí sé ana-gharbh dar ndóigh agus deiligne géara innte agus do chonnaic mé garsún ghá phosáilt ach cúpla cnaipe d'fháil. Bhí aithne agam ar fhear a bhí ina chómhnuidhe i nDrom an Ghoirtín, paróiste an Bhunáin agus dubhairt sé ná bíodh aon bhróg air nuair [a] bhíodh sé ag baint aitinn, acht chuireadh sé a chaipín idir a chosa agus an aiteann nuair a bhíodh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donncad O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Duílios, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Murt O Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94
- Seoladh
- Cill an Bhunáin, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig O Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Drom an Ghoirtín, Co. Chiarraí