Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 309
- XML “Paidreacha Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uimh. 10.
A Mhuire, is Tú mo mháthair, is mo dhóchas, cuirim mé féin fé do bhrat annsan; is mian liom mo shaoghal do chaitheamh go maith agus bás d'fhagháil i ngrásta Dé. Saor mé ón bpeacadh agus tabhair dom Do bheannacht - Amen.Uimh. 11.
Ó a Dhia, tá dólás mór orm, fearg do chur ort de bhrígh go bhfuil tú chomh maith, agus tá rún daingean agam gan peacadh a dhéanamh arís go bráth - Amen.Uimh. 11.
A Dhia, tá grádh agat dúinn, beidh grádh againn duit.Uimh. 12.
-Mar a deirid ag ól dí:-
Bhur sláinte agus sláinte na gcomharsan
Sláinte na sean-mhuinntir mar is iad do thóg sinn
Is dá mbeadh a gcuid aca
Is sinn do gheobhadh í- Faisnéiseoir
- Pádraig O Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Millíní, Co. Chiarraí