Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal mar gheall ar choileachTá Milíní lámh leis an áit ina bhfuilim im' chómhnuidhe. Bhí fear ina chómhnuidhe ann triochad blian ó shoin agus choinnigheadh sé na cearca agus coileach isteach sa tigh cómhnuidhthe de ghnáth. bhí áit speisialta le haghaidh an choiligh mar chuireadh na seandaoine slat os cionn an dorais ina chómhair. Oidhche áirighthe d'airigh fear an tighe -tá a mhac ann fós- fothram mór i gcró na mbó agus do cheap sé go rabhadar go léir scaoilte agus dúnmharú ar siubhal aca. D'eirigh an fear chun dul amach ach má eirigh do eiteall an coileach anuas agus do ghlaoidh sé. Shuidh an fear le hais na teine airís agus thosnuigh an búithreadh amach airís. Léim an fear airís chun dul amach acht d'eiteall an coileach mórthimcheall na cisteanach, do ghlaoidh sé agus thuig an fear an fógra agus níor chuir sé cos thar táirsigh an oidhche sin. Maidean i mbáireach bhí na ba go léir ceangailte is gan cor asta.
D'airigh mo shean-athair fothram mar é acht nuair a bhí sé ag dul amach do eiteall an coileach agus do thúirligh sé ar ghualain an tseanduine.