Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 320

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 320

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 320
  3. XML “Paidir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Paidir a fuaireas ó Mháire Ní Éigceartaigh - thá sí i Lundain fé láthair acht chomhnuigheadh sí sna Milíní, an Bunán.
    1.
    Mo bheannacht agaibh
    beannacht Dé in bhúr gcuid,
    in bhúr sliocht agus bhúr sláinte.
    Nár leogaidh Dia droch-sgéal in bhúr measg,
    nú measg ár ndaoine ná
    ár gcomharsain is gach aoinne
    go bhfuil amuigh is sa mbaile.
    2. Íosa Críost ag cainnt lena mháthair
    "Id chodla[dh] ataoi a mháthair."
    "Ní headh, a ghrádh geal ach ag marbhna atáimse
    I dtaobh Rígh na nIúdach
    Atá [ag] teacht annso i mbárach.
    Fear caol, ciardhubh a chaol donn fé (?)
    Beidh an [t]sleagh dhearg ina láimh aige
    Chun í [a] sháth[adh] tré thaobh ár Slánuightheora, Íosa Críost."
    "Is maith a[n] m[h]arbhna í, a mháthair."
    Agus níl aoinne a déarfaidh í trí [h]uaire ar leabaidh chun suain ná faghaidh na flaitheas mar dualgas ar mo ghualain[n] go bráth.
    (Bhí a thuilleadh leo acht ní raibh sé aici.)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní hEigceartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Millíní, Co. Chiarraí