Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 258
- XML “Scéal Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal eileBhí aithne agam ar fhear a bhí ina chómhnuidhe i mBunán suas le triochad blian ó shoin. Bhí a mháthair agus é féin ina gcómhnuidhe sa tigh céadna agus bhí a dhrifúir sínte fén gcré le cúig bliana nuair do thuit an rud san amach. Nuair [a] bhí a mháthair ag fagháil bháis bhí a mac sa seomra ag freastal uirthí. Bhí an seomra ina raibh sí in aice na cistineach. Aon oidhche agus an fear ag ceann a leabthan agus doras an [t]seomra oscailte chonnaic sé an drifúir a bhí marbh ina seasamh ag doras an tseomra agus í ag féachaint ar a máthair. D'aithin an fear í agus d'innis sé an sgéal go minic le linn a bheatha.
Bhí an fear céadna ag scoruidheacht uair. Oidhche bhreágh gheal a bhí ann agus é ag teacht abhaile timcheall a haon déag. Bhí sé ag teacht tré pháirc bhreágh, leibhéalta agus trí uaire i ndiaidh a chéile baineadh a hata dhe. Tá eolas agam ar an áit sin. Le hais na habhan[n], le hais coille móire is eadh é.
D'airigheas é seo nuair [a] bhíos óg.