Scoil: Doirín Darach (uimhir rolla 7813/4)
- Suíomh:
- Doirín Darach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chathbhuaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doirín Darach
- XML Leathanach 037
- XML “Scéal Greannmhar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chonnaic siad arí é, agus chuaidh duine acu cun an sagairt maidean lár na bhárach agus d'innis sé a sgéal dó. Dubhairt an sagart leis a fhiafraighe den dearbhrathair marbh an chéad oidhche eile chad do bhí ag teastáil uaidh. Chómh maith do dheineadar agus dubhairt sé leó síos ar an uaigh agus an cómhra d'oscailt agus snaidhm na Snaithe do scaoileadh. Do glaodhadar ar na mnáibh do dhein e do thonachta amach, agus chuireadar ceist ortha mar gheall ar na stocaí agus dubharadar gur dheineadar dearmhad ar an snáth do scaoileadh. Chuaidh an seisear agus an gaol leó ar an uaig ar maidean agus do scaoileadar an snáth. Ní fheachadar an duine marbh a thuilleadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Cathbhuaidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doirín Darach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Gealbháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inisfea, Co. Chiarraí