Scoil: Doirín Darach (uimhir rolla 7813/4)
- Suíomh:
- Doirín Darach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chathbhuaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doirín Darach
- XML Leathanach 207
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ceannuidhe buille tubaisteach ar dhearnain láimhe an duine eile.
Bhí duil mór san dtroid ag muinntir seo sa tsean aimsir, agus do shílidís ná raibh aon mhaith sa ló mura mbéadh troid nó dó nó trí ann.
Bhí fear ón áit seo i Neidín ar an aonach agus d'fhéach sé suas ar an gclog agus ar seisean "Tá sé a dódhéag a chlog agus níl buille buailte fós". Bhí braon maith ólta aige agus d'árduigh sé a bhata agus bhuail sé buille ar an gcéad duine a tháinig suas cuige agus bhí an t-aonach i n-a rúaille búaille sar i bhfad.
Bhí fear eile ann agus tá a mhac 'na bheatha tímcheall na h-áite fós i n-áit darbh ainm di Ceap A'Ruaidh.
Sé an ainm atá air ná Liam Mac Guill.
Bhí duil san dtroid innti agus nuair nár b'fhéidir leis duine ar an aonach a throidfead leis d'fhághail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Cathbhuaidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doirín Darach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Páiméar
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doirín Darach, Co. Chiarraí