School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí sgoil ag Riobárd ar Chnocán an Iubhair ar thaobh loch Chapaill. Tá fallaí na sgoile sin ann fós mar fothain do ghabhraibh nó chaorachaibh le linn doinne.
Lá amháin ghaibh Tadhg Ó Choncubhar feirmeóir agus file i dtreo an chnocán seo. Bhí na sgoláirí amuigh ag súgradh agus Riobárd na Measg. Labhair Tadhg leo go fileadtha mar leanas :-
Ar Chnocainín an labhair atá an tuairim ar léigheann
Cnocáinín drúchta agus a aghaidh soir ar an ngréin
Bailighidh anois chúgam , tá na h-ughdair le léigheamh
As tabharfhadh díobh conghnamh ma’s fiú libh orm glaodhach
D’freagair an máighistir RiobárdGo deimhin duit a fhir mhúinte , do bhfiú liom ort glaodhach
Ba mian liom do shuibhal abheith chúgainn in aghaidh an lae
Dob fhearrde don trúip seo bheith múinte uainn araon
Mar níl ins an dúthaig aon tiútoir chómh treán Lá eile bhí Riobárd ag dul thar mám sléibhe ar a dtugtar beárna na gaoite chun cuid dá gaolta a chómhnuig san Stéig d’fheicsint. Bhí sioc is sneachta ar an dtalamh. Ní raibh bróg na stoca ar Riobárd bocht. Glaoidh sé isteach go tig mhuintir na mBó [Mic Giolla Coda] atá ar thaobh an ghleanna do’n mám. Fuair sé feidre sean-bróg ó mhnaoi an tíghe agus ba air a bhí an(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Conaill
- Gender
- Female
- Informant
- Pádruig Ó Conaill
- Gender
- Male
- Age
- c. 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ceapaigh na gCrann, Co. Chiarraí