Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 076](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0467%2FCBES_0467_076.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 076
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 076
- XML “Seán Usae”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cuireadh a’ rith ar bhochtaibh Dé nuair a thagaid fén a déin agus easgaine na gcléir ‘á uirthe.
Mar ná fuaireabhair ar an raol ach an amacradh den’ bhr?
Is ní hé a cuid bladair a thug saor gan bátadh sibh
Ach cabhair Rí na Naomh chur an bille glan fán bhúr ndéin
Is an ceathrar nár staon do’n gála.
---
Nuair a cuireadh a mháthair amach as a cuid talaimh dhein Seán Usae rann do’n bhfear a loit an gairdín prátaí uirthe :-
“A Mhúirligh Bháin ná faighead-sa bás
Go bhfeicfead-sa i ngádhtar síl thú
Mar gheallar an ádhbhar úd a bhí curtha agem mháthair
Gur ngrafais as an mbán aníos iad
Gan sagart ná bráthar i láthair do bháis
Ar tú damanta i láthair Íosa”
Dhein sé bheársa tá mhac san leis
„Ní fear é lá an Earraig
Is ní fear é lá an Fóghmhair
Is ní gréasuidhe maith tapaidh é
A thirimeóchadh an bhróg
Ach mac árthachtaidhe fill
Dhéanfadh gnímh ar mo cómharsain
Do reábfadh an síol
Is é trís na fódaibh- Faisnéiseoir
- Siarthadh Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baisleacán, Co. Chiarraí