Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)
- Suíomh:
- An Gleann Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire T. Ní Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann Mór
- XML Leathanach 095
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“D'athruigheadh fear de muinntir Gearailt ón Abha Riabhach (in aice na Snadhma) go Glórach.”
D'athruigheadh fear de muinntir Gearailt ón Abha Riabhach (in aice na Snadhma) go Glórach. Níor Theastuig uaidh féin imtheach ach leí air dul de réir órdú an Tighearna Talaimh. Chúm Seán Bán Ó Murchadha 1) an t-amhrán seo do adeirtear, i n-a ndeineann sé comparáid isir an dá áit.M’uaigneas an fhaid mhairfead
Bheith ár ndíbirt óm’ an bhaile
Soir go Túirín Chathair áit ná fuil aoibhneas ná spoirt
Mar ní chloisid luig na ceasmirt (caismirt)
Ag fearaibh bean ná leamabh
Ag luigh chomh dúin le capall
Go h-uaigneach ins a’ cheoNuair éirighid súid ar maidin
Imithighid chun (a) Reatha
Adíbirt a’ gabhair ghleabaig
Anuas chun a’ chro(in)
Ní dheinid romhar na’ grafadh
Ach síorruidhe ag ól a’ bhainne
Deánfaidh súid lá dealbh
Is baoghalach liom-sa fós Seo ceann eile a dhein an fear cheadna
Mo shlán chun a’ bhaile gur thosnuigheas thíos ann
1) Sean-úncail dómh-sa b’eadh é seo t-ó-m(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Tuairíní, Co. Chiarraí