Scoil: Both Íseal (uimhir rolla 16744)
- Suíomh:
- An Bhoth Íseal, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus Ua Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Both Íseal
- XML Leathanach 002
- XML “Scéalta”
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)níos feárr ná mar a rabhadar an céad lá a chruinniúghadar ann.
- Tá tobar beannuighthe i gCluáin. Tá sé troig doimneas agus dá troig ar leithead. San t-sean aimsear bhí íasg bán ins an dtobar. San am san thiocfadh alán daoine go dtí an tobar ag deanamh turus.
Lá amháin chuaidh cailín go dtí an tobar. Thóg sí buicéad uisge as an dtobar. Chuir sí an t-uisge san citeal. Cuir sí an citeal ar an dteine. Bhí an citeal ar an dteine ar feadh an laé, ach dá mbeadh sé ann ó shoin ní bheirbheóchadh an t-uisge.
An tráthnóna san tháinig duine éigin isteach sa tig. Dubhairt sé léi gur thóg sí an t-uisge beannuighthe as an dtobar agus go raibh an tobar tirim. Chuaidh sí go dtí an tobar agus nuair a chonnaich sí go raibh an tobar tirim chuir sí buicéad uisge beannuighthe isteach ann.
Chuaidh sí go dtí an tobar arís. Bhí an uisge beannuighthe ann ach bhí an t-íasg marbh.- Faisnéiseoir
- Seán Ua Cobthuig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Chluain Thoir, Co. Chiarraí