Scoil: Both Íseal (uimhir rolla 16744)
- Suíomh:
- An Bhoth Íseal, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus Ua Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Both Íseal
- XML Leathanach 004
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí teinneas ar a chois ar feadh da bhlíadhain. Oidhche amháin bhí taidhbhreamh aige, dá raghadh sé go dtí Cillín i gClúain agus a cos do níge san uisge beannuighthe a bhí ann ná beadh a thuilleadh teinneas air.
Maidin imbháireach chuaidh sé go dtí cillín agus nígh sé a cos san uisge beannuighthe. Ní raibh a thuilleadh teinneas ar a cois as san amach.
Tar éis tamaill chuaidh sé ag feachaint ar na clocha ógam atá ann. Thóg sé ceann acu i na láimh. Tuit an cloch ar an dtalamh agus do briseadh é.
Chuaidh sé abhaile go sásta. An oidche sin táinig alán daoine isteach san tseómra ina raibh sé ‘na codhladh. Dubhradar leis dul go dtí an Cillín arís agus an cloch do bhris sé do chuir suas i gceart. Chuaidh sé go dtí an cillín agus dhein sé an rud a dubhradh leis.
Tháinig sé abhaile agus bhí fios aige gur sprid a bhí ann.Sean Ua Cabthuig,
Clúain, Gleann Cárthaig, Condaé Cíarráidhe.
54 bl- Faisnéiseoir
- Sean Ua Cobthuig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 54
- Seoladh
- An Chluain Thoir, Co. Chiarraí