Scoil: Both Íseal (uimhir rolla 16744)

Suíomh:
An Bhoth Íseal, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Séamus Ua Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 009

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Both Íseal
  2. XML Leathanach 009
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    9. Cad tá cómh-mhéid le leath an gealach
    Freagra - An leath eile.
    10. Cín é is ní fheiceann tusa é, cín i dtor cuileann é, siúbhlann sé an domhan is an drúcht ní briseann sé.
    Freagra - Scáth an duine.
    11. Cad é an rud a iompuigheann gan corruighe.
    Freagra - Bainne.
    12. Morán bó bán isitg i bpáirc agus aon bó dearg cadthora istig.
    Freagra - Do cuid fíacla is do theanga.
    13. Cad a caithfeadh dhuine a déanamh sar thiocfáidh sé suas an staidhre.
    Freagra - Caithfeadh sé síos an staidhre.
    14 Cad-na-taobh ná bheadh ocras ar capall ar an mbóthar.
    Freagra - Mar bíonn piosa na bhéal aige 'na chómhnuidhe.
    15 Cad na thaobh go bhfuil an capall níos clisde ná an sionnaig.
    Freagra - Mar is féidir leis an capall eit le ional agus ní fheadfadh an sionach.
    16 Cá mbíonn fearr nuair a lasann sé a píopa
    Freagra - Ar an dtaobh thíar de.
    17 Sean-duine beag donn is a bothán 'na drom aige.
    Freagra - Seilmide.
    18 Os cíonn an uisge fé an uisge is ní bhaineann sé ríamh leis an uisge.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maitéas Ua Mhurchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Doirín na nÁiríoch, Co. Chiarraí