Scoil: Both Íseal (uimhir rolla 16744)
- Suíomh:
- An Bhoth Íseal, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Séamus Ua Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Both Íseal
- XML Leathanach 018
- XML “Seanscoileanna”
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó ríamh bhí saghas scoileanna curtha suas san paróisde seo. Glaodhtar "Hedge Schoold" ortha. Biodh muinteóirí ag dul ó thig go tig ag muinead na scoláirí.
Uair amháin tháinig fear isteach san paróisde seo ag muineadh. Séámus Ua Séaghdha ab ainm do. Bhí saghas scoil aige i gcró i gCeannchnuchaire. Bhí alán scoláire ag dul go dtí an cró san. Geóbhadh an múinteóir págh éigin í ndeire gach rátha.
Tar éis tamaill tháinig fear eile isteach san paróiste. Tomás Ua Clúabháin ab ainm do. Bhí scoil ag i gCummar ar an dtaobh thuaidh de'n paróisde. Bhí sé ag muineadh moran rudaí ann. Geóbhadh sé págh éigin ó gach scoláire cun díol as na páipéiri agus rudaí eile a tug sé do fhaidh a raibh sé ann.- Faisnéiseoir
- Maitéas Ua Mhurchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Doirín na nÁiríoch, Co. Chiarraí
- Uair amháin tháinig fear darb ainm Mathughana go dtí Ceanncnúchaire ag muineadh na daoine . Is i gcr [?] a dhein sé an chuid is mó dá muineadh. Ní raibh aon tig cómhnuidhthe aige acht is amlaidh a théigheadh sé go dtí tíghe na scolaírí. In deire gach rátha tugadh pá do.
Bhí fear eile ag muineadh in Ínse-Ruaidh [?](leanann ar an chéad leathanach eile)