Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 067
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí feirmeóir na chomhnuidhe i Leitir-Áit inaice an bhóthair idir Neidín agus Beárna na Gaoithe. Seán Ó Cathasaig abhainm do. Bheidhleadóir breágh agus rinncóir maith a beadh é. Chaith sé tamall thall in Nua Eabhrach agus do sheinneadh sé ceoil go minic. dóibh i dTammany Hall agus tabharfaidhe aon airgead do, acht fanamhaint leó mar príomh cheóltóir in ambanna. Ní dhéanfadh sé rud ortha amh, acht tháinig sé abhaile go hÉirinn arís agus bhí sé saidhbhir. Is minic a bhíodh sé ar phósadh agus nuair a bhíodh sé ar a shástach sheasadh sé amach ar lic an teinteáin, chuireadh sé an bheidhlín anáirde ar a cheann agus sheinenadh sé suas an londubh agus san am céadna thosnuigheadh sé ag rinnce an phort a bhíodh ga sheinnt aige.Bhí sé ábalta an bheidlín do chur ar an taobh thiar de agus ceól do sheinnt air agus an port céadna do rinnce ar an úrlár san am céadna. Siobhán Bean Mhic Gearailt, Lios-a-Phúca
- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Mhic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Lios an Phúca, Co. Chiarraí