Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)
- Suíomh:
- An Gort Buí, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Gilbert Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort Buidhe
- XML Leathanach 151
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó do bhíodh aonach mór i gCillgobnatain san pharóíste seo. Bhíodh aonach mór - Aonach an Phathrúin ann ar an deichmheadh lá, de mí Feabhra. Tá páirc i bhfeirm Shéamuis Uí Sheaghdha i gCillgobnatain agus páirc an aonaig a glaodhtar airthe an lá so. In san bpáirc seo a bhíodh an aonac. Tá ceanntar eile in aice na h-áite seo agus Cúl Aonaig a tugtar airthe. Is ins an gceanntar so do rugadh "Beirt Fhear."Bhíodh ba, muca agus caoirig le díol ins an aonach agus thagadh ceannaightheóirí ó gach áit go dtí an aonach. Thiomáinidís na h-ainmhidhthe abhaile ar an mbóthar rómpa. Théigheadh na muca go dtí Tráighlí i ráileacha. Bíodh sluaighte buachaillí agus cailíní ar an aonach agus bhídís go léir gléasta suas go breágh. Deantaoí cleamhnasaí ann go minic. Ní raibh tig tabhairne i gCillgobnatain ríamh acht gheibheadh daoine ó Cillorglain cead speisíalta cun fuisgí, agus pórtar do dhíol ar an aonach. Bhíodh cabháin san pháirc agus ins na gcabáin a ndíolaidís an fuisgí agus an pórtar. Bíodh síbíní ann leis agus droch-fuisgí ann agus nuair d'óladh na fir ós na sléibhte agus na gleannta(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Dómhnall Ó Cróinín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Gort Buí, Co. Chiarraí